Téama:
Is scannán dorcha é an scannán seo ina fheicimid mailís fhíochmhar.
Is iad díoltas, frustrachas, agus fearg téamaí an scannáin. Faighimid léargas ar thréithe na beirte sa traein. Ag tús an scannáin, tá cuma ar an bhean óg gur duine deas, proifisiúnta í. Ach ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht! Cé go gcuireann an fear dall isteach ar an bhean, níl an drochíde a fhaigheann sé tuillte aige. Nochtar olc agus gangaid na mná go paiteanta. Tá scéal grá á léamh aici agus, mar sin, tá íoróin ar leith ina hiompar.
Coimhlint:
Is gné lárnach an choimhlint sa ghearrscannán seo. Tá an bhean óg ag iarraidh a leabhar a léamh, ach ní thugann an fear dall seans di. Cé go bhfuil a lán spás sa charráiste, suíonn sé os a comhair. Cuireann sé coiscriú fúithi. Cé nach bhfuil sí cairdiúil leis, leanann sé air dá crá. Léirítear an teannas idir an bheirt go soiléir. Sa deireadh, baineann an bhean díoltas uafásach amach ar an fhear bocht. Baintear stad as an lucht féachana nuair a fheicimid an fear dall ag fáil bháis agus an t-ionanálaitheoir ar an tábla os a comhair. Baintear stad as freisin nuair a imíonn an bhean ag an deireadh gan stró ar bith uirthi. Cuireann an teannas agus an choimhlint le héifeacht chur i láthair an scannáin.
Pearsana –
An fear dall: Is fear meánaosta é an fear dall. Tá sé rud beag neirbhíseach ann féin, agus bíonn sé corrthónach in amanna. Tá sé soléir gur breá leis an saol agus go bhfuil sé sona. Cé nach bhfuil radharc na súl aige, níl trua aige dó féin. Tá sé chomh sásta lena shaol nach dtuigeann sé saol príobháideach dhaoine eile. Cuireann sé isteach ar an bhean óg, mar ní thuigeann sé nach bhfuil fonn cainte uirthi. Bíonn trua ag an lucht féachana dó, mar tá sé soghonta agus tá asma air. Itheann sé ar nós muice, ach níl an bás a fhaigheann sé sa deireadh tuillte aige.
An bhean óg: Ag tús an scannáin, feicimid gur gnáthbhean í. Ach tá sí teann go leor lena máthair. Nuair a shuíonn an fear dall síos os a