Filíocht
(gnáthleibhéal)
1. Géibheann [saoirse] le Caitlín Maude (1941 – 1982)
2. Colscaradh [pósadh] le Pádraig Mac Suibhne (1942 -)
3. Mo Ghrá-sa (idir lúibíní) [grá] Nuala Ní Dhomhnaill (1952 -)
4. An Spailpín Fánach [éirí amach] File Anaithnid
5. An tEarrach Thiar [grá áite] Máirtín Ó Direáin (1910 -1988)
(Ardleibhéal)
6. A Chlann [grá máthartha] le Máire Áine Nic Gearailt (1946 -)
7. Caoineadh Airt Uí Laoghaire [bás] Éibhlín Dhubh Ní Chonaill*
8. Fill Arís [tírghrá] Seán Ó Ríordáin (1916 – 1977)
9. Colmáin [saol cathrach] Cathal Ó Searcaigh (1956 -)
10. Éiceolaí [smacht iomarcach] Biddy Jenkinson (1949 - )
* Rugadh Éibhlín Dhubh Ní Chonaill timpeall na bliana 1743 agus níltear cinnte cathain a cailleadh í. Ceaptar go bhfuair sí bás am éigin roimh an bhliain 1780 (seacht déag ochtó).
Filíocht
(gnáthleibhéal)
1. Géibheann Caitlín Maude (1941 – 1982)
Téama: Is é an grá bheith saor – téama an dáin seo.
Íomhánna: Tá lán íomhánna láidre sa dán seo: Orthu siúd atá: ● chroithfinn crainnte… – íomhá na cumhachta ● breathnaím trí leathshúil – íomhá na tuirse ● tagann na céadta…coimhthíos i measc an tslua
Uaim: Úsáideann an file uaim sa dán. Mar shampla: ● ainmhí allta ● chroithfinn crainnte na coille
Mothúcháin: Tá frustrachas agus éadóchas sa dán seo: Is cuimhin leis an fhile lá nuair a bhí sí saor lá arbh fhéidir léi na crainn a chroitheadh lena glór ach anois tá sí ina príosúnach. Níl i ndán di inniu ach frustrachas agus éadóchas.
Ábhar: Deir an file gur ainmhí fiáin í arbh fhéidir léi uair dá raibh, na crainn a chroitheadh lena glór amháin. Ach anois is príosúnach í agus cé go dtagann na sluaite lena feiceáil gach lá ní bhíonn aon duine acu sásta í a