Téamaí an tSleachta:
Baineann an sliocht seo leis an óige agus aois. Ag tús an tsleachta, tá Oisín óg, láidir agus dathúil. Ach cailleann sé a óige agus déantar seanfhear dall de.
Is téama eile é cráifeacht agus an Chríostaíocht le linn Phádraig Naofa. Cuidíonn sé le Oisín agus múineann sé soiscéal Dé dó.
Feicimid draíocht mar théama freisin. Tá an capall ábalta eitilt thar farraige go Tír na nÓg. Tá neart as cuimse ag Oisín nuair a chaitheann sé an leac san aer. Is áit í Tír na nÓg atá lán le draíocht agus áiféis: Ní thagann aois ar dhaoine agus ní fhaightear bás.
Ar ndóigh, baineann an sliocht le grá chomh maith. Feictear grá idir Oisín agus Niamh cinnte, ach léirítear go soiléir an grá idir Oisín agus Fionn freisin. Tá Oisín dílis dá athair agus do na Fianna mar filleann sé chun iad a fheiceáil, in ainneoin an dáinséir.
Carachtair an tSleachta:
Oisín: Is fear láidir, dathúil é Oisín ag tús an tsleachta seo agus titeann Niamh i ngrá leis. Tá sé cuidiúil mar dhuine – Nuair nach mbíonn na fir ábalta an leac trom a bhogadh, cuidíonn sé leo agus caitheann sé an leac san aer. Is laoch cróga é Oisín sa scéal Fiannaíochta seo. Ar an bhealach go Tír na nÓg, maraíonn sé an fathach agus ligeann sé saor iníon Rí na mBeo. Tá sé dílis dá athair, Fionn, agus filleann sé ar Éirinn chun é a fheiceáil arís. Feicimid anseo gur duine maoithneach é. Is léir gur duine ceanndána é chomh maith mar fágann sé a chlann i dTír na nÓg, cé gur thug Niamh rabhadh dó faoi cad a tharlódh dá bhfillfeadh sé ar Éirinn.
Niamh: Is spéirbhean álainn í Niamh. Déantar cur síos galánta uirthi ag tús an tsleachta – Tá gruaig órga uirthi agus súile gorma. Is carachtar ríoga, uasal í mar is í iníon rí Thír na nÓg. D’fhéadfá a rá gur duine diongbháilte, leithleach í fosta. Meallann sí Oisín go Tír na nÓg gan bacadh leis na daoine a bhfágfadh sé ina dhiaidh. Is bean láidir, ceanndána í nach bhfuil trua ar bith aici d’Fhionn. Ach tá sí